settings icon
share icon
Ceist

Ceard é Críostaí?

Freagra


Déanann foclóir Webster an cur síos seo ar Críostaí “duine a chreideann in Íosa mar an Críost nó sa reiligiún bunaithe ar mhúineadh Íosa.” Cinnte is tús maith é seo agus tú ag lorg an brí do Críostaí ach mar an gceanna le an chuid sainmhínithe ciantréimhseacha ní thugann sé an fíor-thuairisc bhíobalta faoi ceard atá i gceist le bheith i do Críostaí.

Úsáidtear an focal Críostaí faoi thrí sa Nua Thiomna (Gníomhartha 11:26; Gníomhartha 26:28; 1 Peadar 4:16). Glaodh Críostaithe ar leanúnaí Dé ar dtús in Aintíoc.(Gníomhartha 11:26) toisc go raibh a n-iompar, a ngníomhaíochtaí, agus a gcanúintí mar an gcéanna le Críost. D’úsáid mhuintir neamh-sábháilte Aintíoc é mar chineál leasainm dímheasach chun magadh faoina gCríostaithe. Go fíorasach is éard is brí leis ná, “mar bhall do páirtí Chríost” nó “duine do lucht leanúna Críost”, tá sé seo an chosúil leis am mbealach a ndéanann foclóir Webster sainmhíniú air.

Faraor, thar am tá an focal “Críostaí” tar éis an chuid dá suntasacht a chailliúint agus go minic baintear leas as chun cur síos a dhéanamh ar dhuine reiligiúnach nó ar dhuine le hard-luach morálta in ionad fíor leanúnaí athbheirthe Íosa Críost. An chuid daoine nach gcreideann in Íosa Críost glaonn siad Críostaí orthu féin go bunúsach mar go dtéann siad ag Aifreann agus mar go gcónaíonn siad i náisiún “Críostaí”. Más rud é go dtéann tú ag Aifreann, freastalaíonn tú ar na ndaoine nach bhfuil chomh sona leat, nó más duine maith atá ionat ní chiallaíonn sé sin gur Críostaí thú. Mar a dúirt soiscéalaí amháin, “Má théann tú ag Aifreann ní chiallaíonn sé gur Críostaí thú, mar an gcéanna má théann tú chuig garáiste ní chiallaíonn sé sin gur carr thú”. Ní féidir Críostaí a dhéanamh asat fiú má tá tú mar bhall den Eaglais, freastalaíonn tú ar seirbhísí go minic agus cuidíonn tú le hoibre na hEaglaise.

Múineann an Bíobla dúinn nach féidir Dia a shásamh tríd na rudaí maithe amháin a dhéanann muid. Deireann Títeas 3:5 linn “ní de bharr aon dea-oibreacha fíréantachta a bheith déanta againne é ach as ucht a thrócaire féin. Shaor sé sinn trí fhothragadh na hathghiniúna agus trínár n-athnuachan ag an Spiorad Naomh.” Is Críostaí é duine a athshaolaithe ag Dia (Eoin 3:3; Eoin 3:7; 1 Peadar 1:23) agus a chuireann a muinín agus a chreideamh i nDia. Deireann Eifeasaigh 2:8 linn gur“…le grásta a slánaíodh sibh, trí chreideamh Ní uaibh fhéin é; is tabhartas é ó Dhia.” Is fíor Chríostaí é an duine a ndéanann aithrí dá gcuid pheacaí agus a chreideamh a chuir in Íosa Críost amháin. Ní fhaigheann siad a mhuinín ó rialacha a leanúint nó ó cóid morálta nó liosta dos na rudaí ar cheart dóibh déanamh nó nach ceart dóibh déanamh.

Is fíor Chríostaí é an duine a chuireann a chreideamh agus a muinín i bpearsa Íosa Críost agus a thuigeann go bhfuair sé bás ar an gcros mar íocaíocht d’ár bpeacaí agus gur aiséirigh sé arís ar an tríú lá chun an bua a bhaint amach thar an mbáis agus beatha shíoraí a thabhairt do gach duine a gcreideann ann. Deireann Eoin 1:12 linn: “Ach an uile dhuine a ghlac é, thug sé de cheart dóibh go ndéanfaí clann Dé dóibh, dóibh seo a chreideann ina ainm.” Is cinnte gur pháiste Dé é fíor-Chríostaí, mar bhall de fíor-chlann Dé agus duine a thug Dia beatha nua dó. Comhartha do fíor-Chríostaí ná go mbeadh grá aige do dhaoine eile agus dílseacht do focal Dé (1 Eoin2:4; 1 Eoin 2:10).

An bhfuil cinneadh déanta agat maidir le Chríost mar gheall ar rud ar bith a léigh tú anseo? Más ea le do thoill cliceáil ar an gcnapa thíos a deireann "Ghlac mé le Chríost inniu!"

English



Fill ar an leathanach baile

Ceard é Críostaí?
© Copyright Got Questions Ministries