settings icon
share icon
Ceist

Cé hé Íosa Críost?

Freagra


Cé hé Íosa Críost? Níl sé seo cosúil leis an gceist, "An bhfuil Dia ann?", mar nár chuir ach fíor-bheagáin daoine ceist an raibh Íosa Críost ann. Go ginearálta glactar leis gur fear a bhí in Íosa a mhair ar an domhan seo beagnach 2000 bliain ó shin in Iosrael. Tosaíonn an díospóireacht nuair a bhfuilimid ag iarraidh ionannais iomlán a phlé. Múineann beagnach gach mór-reiligiún gur fáidh a bhí in Íosa, nó múinteoir mhaith nó fear diaga. An fhadhb ná go ndúirt an Bíobla go raibh i bhfad níos mó i gceist le hÍosa ná díreach fáidh, múinteoir mhaith nó fear diaga.

Scríobh C.S. Lewis ina leabhar “Mere Christianity” é seo a leanas: "Táim ag déanamh iarracht stop a chuir le daoine agus iad á rá an rud fíor-amaideach sin a deireann daoine go minic faoi [Íosa Críost]: 'Táim réidh le glacadh leis mar mhúinteoir morálta iontach ach ní ghlacaim leis nuair a raibh sé ag maíomh gurb eiseann Dia' Sin rud amháin nach ceart dúinn rá. Fear nach bhfuil ach fear agus a dúirt na cineál rudaí a dúirt Íosa ní bheadh aon maitheas ann mar mhúinteoir morálta. Bheadh sé as a meabhair ar an leibhéal céanna is a bheadh duine a deir gur ubh phóitseáilte é nó bheadh sé an diabhal díreach ó ifrinn. Caithfidh tú do rogha a dhéanamh. Bhí an fear seo agus tá an fear seo Mac Dé nó fear a bhí as a meabhair nó rud éigin níos measa…. Is féidir leat a chlab a dhúnadh mar gur amadán é, is féidir leat seile a chaitheamh aige agus é a mharú mar deamhan; nó is féidir leat titim ag a chosa agus an Tiarna agus Dia a ghlaodh air. Ach ná lig dúinn teacht suas le haon rud seafóideach dímheasach faoi Íosa a bheith ina mhúinteoir mhaith daonna. Níor fhág sé an rogha sin ar oscailt dúinn. Ní raibh sé i gceist aige é sin a dhéanamh."

Mar sin, cé a dúirt Íosa a raibh sé? Ceard a deireann an Bíobla faoi cé a raibh sé? Ar dtús féach ar focail Eoin 10:30, “Is aon mise agus an t-Athair.” Ar an gcéad amhairc ní fhéachainn sé ar nós go bhfuil sé Dia. Ach féach ar frithfhreagra na Giúdaigh mar gheall ar an ráiteas sin, “Ní mar gheall ar obair fhónta atáimid ag gabháil de chlocha ionat, ach mar gheall ar dhiamhasla, agus go ndéanann tú Dia díot féin agus gan ionat ach duine” (Eoin 10:33). Cheap na Giúdaigh ó ráiteas Íosa go raibh sé ag rá go bhfuil sé Dia. Ins na véarsaí a leanas ní cheartaíonn Íosa na Giúdaigh trí “Ní dúirt mé go bhfuil mé Dia” a rá. Léiríonn sé sin go raibh dia ag rá go bhfuil sé Dia nuair a dúirt sé, “Is aon mise agus an t-Athair” (Eoin 10:30). Is sampla eile é Eoin 8:58. Deir Íosa, "Amen, Amen, a deirim libh, sula raibh Abrahám ann, táimse ann. Mar sin, thóg siad suas clocha le caitheamh leis, ach d’fholaigh Íosa é féin agus d’imigh amach as an Teampall (Eoin 8:59). Nuair a léiríonn Íosa a ionannais mar “Is mé” is tagairt díreach é seo do ainm an Sean Tiomna do Dhia (Eacsadas 3:14). Cén fáth a chaitheadh na Giúdaigh clocha ag Íosa mura ndúirt sé rud ar chreideadar a raibh, mar ag rá go bhfuil sé Dia?

Deir Eoin 1:1 “ba Dhia an Briathar.” Deir Eoin 1:14 “agus rinneadh feoil den Bhriathar.” Léiríonn sé seo go soiléir gurbh é Íosa Dia i bhfeoil. Dúirt Tomás an deisceabal faoi Íosa, “Tiarna agus mo Dhia” (Eoin 20:28). Ní cheartaíonn Íosa é. Deireann an tAspal Pól é seo faoi, “…ár nDia iontach agus ár slánaitheoir, Íosa Críost” (Títeas 2:13). Deireann an tAspal Peadar an rud céanna , “…ár nDia ár slánaitheoir Íosa Críost” (2 Peadar 1:1). Tuigeann Dia ár nAthar ionannais Íosa freisin, “Ach is a deir sé i dtaobh a Mhic ná: “Beidh do ríchathaoir ann, a Dhia, choíche is go deo.” Fógraíonn fáidheadóireachta Críost sa Sean Tiomna a dhiagacht, “Óir rugadh leanbh dúinn; tá am tiarnas ar a ghualainn agus is é ainm atá air: “Comhairleoir iontach”, “Dia láidir”, “Athair síoraí”, “Prionsa na síochána.”

Mar sin, mar a dúirt C.S. Lewis níl an rogha ann creidim gur múinteoir maith é Íosa. Dúirt Íosa go soiléir gurbh é Dia. Mura bhfuil sé Dia is bréagadóir é, agus mar sin ní fáidh é, ní múinteoir maith é agus ní fear naofa é. Agus iad ag déanamh iarracht focail Íosa a chasadh ionas go ndéantar neamhaird orthu deireann scoláirí na linne seo nár dúirt an “fíor Íosa stairiúil” an chuid dos na rudaí sa Bhíobla. Conas ar féidir linn argóint le focal Dé maidir le ceard a dúirt nó ceard nach dúirt Íosa? Conas ar féidir le scoláire 2,000 bliain i bhfad ó Íosa léargas níos fearr a bheith acu faoi ceard a dúirt nó ceard nár dúirt Íosa ná na daoine a bhí ina gcónaí leis, a fhreastal leis, agus a mhúin Íosa Críost Fhéin iad (Eoin 14:26)?

Cén fáth go bhfuil ceist fíor ionannais Íosa chomh tábhachtach ar aon nós? Cén fáth a ndéanann sé difríocht an raibh nó nach rabh Íosa agus Dia na daoine céanna? An fáth is tábhachtaí go gcaithfidh go bhfuil Íosa Dia ná más rud é nach bhfuil sé ní bheadh a bhás maith go leor chun an pionós a íoc do pheacaí gach duine ar domhan (1 Eoin 2:2). Ní bheadh ach dia in ann pionós infinideach mar sin a íoc (Na Rómhánaigh 5:8; 2 Corantaigh 5:21). Caithfidh gur Dia a bhí ann ionas go mbeadh sé in ann ár bhfiacha a íoc. Bhí air a bheith ina fear ionas go bhféadfadh sé bás a fháil. Ní féidir slánú a fháil ach amháin trí Íosa Críost! Is mar gheall ar diacht Íosa gurb é an t-aon bealach chun slánú a fháil, “Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha, ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa” (Eoin 14:6).

English



Fill ar an leathanach baile

Cé hé Íosa Críost?
© Copyright Got Questions Ministries