An bhfuil Dia ann? An bhfuil fianaise ann do láithreacht Dé?




Ceist: An bhfuil Dia ann? An bhfuil fianaise ann do láithreacht Dé?

Freagra:
An bhfuil Dia ann? Tá sé suimiúil go dtugtar an méid sin aird ar an ndíospóireacht seo. Deireann na suirbhéanna is déanaí go gcreideann breis is 90% do dhaoine ar fud an domhan i láithreacht Dé nó in ard-chumhacht éigin. Ach ar fáth éigin cuirtear an fhreagracht ar na ndaoine a gcreideann i nDia chun a láithreacht a fhíorú. Bheadh sé i bhfad níos loighciúil dá mbeadh sé an bealach eile timpeall.

Cibé ar bith ní féidir láithreacht dé a fhíorú nó a bhréagnaigh. Deireann an Bíobla fiú go gcaithfimid glacadh leis le creideamh amháin go bhfuil Dia ann, “Agus gan creideamh tá sé neamhfhéideartha Dia a shásamh toisc go gcaithfidh aon duine a thagann chuige creidiúint ina láithreacht agus creidiúint go mbronntar luaíocht ar aon duine a bhfuil á lorg go macánta” (Eabhraigh 11:6). Dá mbeadh Sé ag iarradh, d’fhéadfadh Dia é fhéin a taispeáint agus é a fhíorú don domhan ar fad go bhfuil Sé ann. Ach dá ndéanadh Sé é sin ní bheadh gá ar bith do chreideamh. "Ansin dúirt Íosa leis, 'Toisc go bhfaca tú mé, creideann tú ionam, beannaithe atá na ndaoine nach bhfaca mé agus a gcreid ionam ar aon nós'” (Eoin 20:29).

Cibé ar bith, níl sé sin le rá nach bhfuil fianaise ar bith go bhfuil Dia ann. Deir an Bíobla, “Fógraíonn na bhflaitheas glóir Dé; fógraíonn na spéire obair a lámha. Lá i ndiaidh lae seolann siad óráidí chugainn; oíche i ndiaidh oíche léiríonn siad eolas. Níl óráid ná teanga ar bith nach cloistear a nguth. Téann a nguth amach ar fud an domhan, a bhfocail go deireadh an domhan”(Salm 19:1-4). Ag féachaint ag na réaltaí, ag tuiscint ollmhéid na cruinne, ag féachaint ar iontais an dúlra , ag féachaint ar áilleacht luí na gréine—díríonn na rudaí seo ar fad ar chruthaitheoir, Dia. Mura mbeadh siad seo ar fad sásúil, tá fianaise freisin do Dia inar gcroithe fhéin. Deireann Ecclesiastes 3:11 linn, “…Tá síoraíocht curtha aige freisin i gcroithe na bhfear…” Tá rud éigean domhain ionainn a aithníonn go bhfuil rud éigean i ndiaidh an saol seo agus duine éigean tar éis an domhan seo. Is féidir linn an t-eolais seo a shéanadh go hintleachtúil ach tá láithreacht Dé ionainn agus trínn fós ann. In ainneoin do é seo ar fad tugann an Bíobla fós rabhadh dúinn go mbeidh daoine ann a shéanfaidh go bhfuil Dia ann, “Deireann an t-amadán ina chroí, ‘Níl aon Dia” (Salm 14:1). Mar go gcreideann breis is 98% do dhaoine i rith na staire, i ngach cultúir, i ngach sibhialtacht , ar gach ilchríoch i láithreacht Dé de shaghas éigin, caithfidh go bhfuil rud éigean(nó duine éigean) is cúis leis an gcreideamh seo.

Le chuir le hargóintí an Bhíobla do láithreacht Dé tá argóintí. Ar an gcéad dul síos, tá an argóint ointeolaíochta. Baineann an argóint ointeolaíochta ar a bhfuil an-mheas úsáid as an coincheap do Dhia chun láithreacht Dé a fhíorú. Tosaíonn sé le sainmhíniú ar Dhia mar “ an rud nach féidir le níos fearr ná é a bheith coimpeartha.” Ansin déantar an argóint go bhfuil sé níos fearr a bheith ann ná gan a bheith ann agus mar sin caithfidh go maireann an neach is fearr a féidir a bheith coimpeartha. Mura mhair Dia ní fhéadfadh Dia a bheith mar an neach is fearr a féidir a bheith coimpeartha ach déanfaidh an argóint sin sainmhíniú Dé a bhréagnú Ar an dara dul síos tá an argóint theileolaíoch. Is éard atá ann leis na hargóinte theileolaíoch ná mar go léiríonn an chruinne dearadh chomh iontach sin caithfidh go raibh dearthóir ó Dhia. Mar shampla, dá mbeadh an Domhan fiú cúpla céad míle níos dlúithe nó níos faide ón ghrian ní bheadh sé de chumas aige an chuid is mó don beatha a thacú a thacaíonn sé faoi láthair. Dá mbeadh na heilimintí inar atmaisféar fiú cúpla pointe céatadáin difriúil caillfear chuile rud beo ar Domhan. Tá an corrlach go bhfoirmíodh móilín próitéine amháin trí sheans 1 i 10243 (sin 10 agus 243 0’anna ina dhiaidh). Tá ceall aonair déanta suas leis na milliún móilíní próitéin.

An tríú argóint loighciúil go bhfuil Dia ann ná an argóint cosmeolaíoch. Caithfidh go mbeadh cúis ag gach iarmhairt. Is iarmhairt í an chruinne seo agus gach rud inti. Caithfidh go bhfuil rud éigin is cúis le teacht i láthair gach rud ar Domhan. Ar an iomlán caithfidh go bhfuil rud éigin “neamh-cúisithe” chun go dtagadh gach rud eile i láithreacht. Is é Dia an rud “neamh-cúisithe” sin. An ceathrú argóint ná an argóint morálta. Bhí dlí de saghas éigin ag chuil chultúir ó thús na staire. Tá tuiscint ag chuile dhuine ar an ceart agus an t-éigeart. Ní ghlactar le dúnmharú, bréag, gadaíocht agus mímhoráltacht beagnach go huilíoch. Cad as a dtáinig an tuiscint seo ar an ceart agus an t-éigeart murar tháinig sé ó Dhia beannaithe.

Agus é seo ar fad ráite, deireann an Bíobla linn go eiteoidh daoine an t-eolais soiléir agus doshéanta go bhfuil Dia ann agus in ionad sin creidfidh siad bréag. Deir Na Rómhánaigh 1:25, “Mhalartaigh siad fírinne Dé ar an mbréag agus thug ómós agus seirbhís don chréatúir mar rogha ar an gcruthaitheoir, moladh go deo leis. Amen.” Deireann an Bíobla freisin nach bhfuil leithscéal ar bith ag daoine gan creidiúint i nDia, “Mar ó chruthú an domhain i leith tá a thréithe do-fheicthe - a chumhacht shíoraí agus a dhiagacht – le haithint agus le feiceáil sna nithe atá déanta. Más ea, níl aon leithscéal acu” (Na Rómhánaigh 1:20).

Deireann daoine nach gcreideann siad i nDia toisc nach bhfuil sé “eolaíoch” nó mar “nach bhfuil fianaise ar bith.” An fíor fáth ná chomh-luath is a admhaíonn daoine go bhfuil Dia ann caithfidh siad tuiscint freisin go bhfuil siad freagrach do Dhia agus go bhfuil maithiúnas ag teastáil uathu uaidh.(Romans 3:23; 6:23). Más rud é go maireann Dia táimid ar fad freagrach d’ár gníomhartha dó. Mura bhfuil Dia ann is féidir linn pé rud gur main linn a dhéanamh gan a bheith buartha faoi Dia a bheith do ár mbreithiúnas. Sin é an fáth go gcloínn an-chuid d’ár sochaí chomh daingean le teoiric na héabhlóide, ionas go mbeadh rogha eile seachas creideamh i nDia ár gcruthaitheoir. Ar deireadh tá Dia ann agus tá fhios ag gach duine go bhfuil Sé ann. Mar go ndéanann daoine iarracht ionsaitheach chun a láithreacht a bhréagnú is féidir a rá gurb é sin argóint leis fhéin go bhfuil Sé ann.

Lig de argóint amháin eile do láithreacht Dé. Conas go bhfuil fhios againn go bhfuil dia ann? Mar Chríostaithe tá fhios againn go bhfuil Dia ann mar go labhraínn muid leis gach lá. Ní chloiseann muid é ós ard ag labhairt ar ais linn ach mothaíonn muid go bhfuil sé ann, mothaíonn muid é do ár dtreorú, tuigeann muid a ghrá agus tá a ghrásta uainn. Tharla rudaí inar saolta nach bhfuil míniú eile ar bith acu seachas Dia. Slánaigh Dia muid ar fad chomh míorúilteach sin agus tá sé tar éis ár saolta an méid sin nach féidir linn ach glacadh leis go bhfuil sé ann. Ní féidir le hargóint ar bith acu seo cur ina luí ar dhuine nach ghlacfaidh le rud atá chomh cruinn soiléir. Ar dheireadh caithfear glacadh le láithreacht Dé trí creideamh(Eabhraigh 11:6). Ní léim dall isteach sa dorchadais í creideamh i nDia; tá sé sábháilte céim a thógáil isteach i seomra geal áit a bhfuil 90% do dhaoine ina seasamh cheanna féin.



Fill ar an leathanach baile



An bhfuil Dia ann? An bhfuil fianaise ann do láithreacht Dé?